Tá misean ag an bhfoireann ag Signal atá tiomanta do theicneolaíocht príobháideachta foinse oscailte a fhorbairt, rud a chosnaíonn saoirse cainte agus a chumasaíonn cumarsáid dhomhanda shlán. Cuireann do chion leis an gcúis sin. Gan fógraí. Gan rianairí. I ndáiríre.
Cabhraíonn do thabhartas le híoc as forbairt, freastalaithe agus bandaleithead aipe a úsáideann na milliúin ar fud an domhain don chumarsáid phríobháideach mheandrach.
Má chuireann tú ríomhphost ar fáil, gheobhaidh tú deimhniú i ríomhphost le haghaidh taifid chánach. Eagraíocht neamhbhrabúis neamhspleách is ea Signal Technology Foundation agus tá díolúine ó cháin aige faoi alt 501c3 de Internal Revenue Code. Is é 82-4506840 ár nUimhir Aitheantais Cánach Feidearálaigh.
Tabhair faoi deara: Ní féidir le Signal suaitheantais a thairiscint má thugann tú airgead anseo seachas Google Pay nó Apple Pay a úsáid laistigh den aip Signal.
Déantar tabhartais chriptea-airgeadra do Signal a phróiseáil trí The Giving Block.
Más mian leat liúntas cánach a fháil sna SA ar luach margaidh cothrom do thabhartais chriptea-airgeadra, is féidir leat an rogha a dhéanamh seoladh ríomhphoist a thabhairt chun admháil chánach a fháil. Tacaíonn The Giving Block le tabhartais gan ainm freisin.