Cuir fáilte roimh sheirbhís teachtaireachtaí go hiomlán difriúil. Na gnéithe go léir a mbeifeá ag súil leo, in éineacht le fócas ar phríobháideachas nach raibh tú súil leis.
"Úsáidim Signal chuile lá."
Edward Snowden
Sceithire agus gníomhaí ar son an phríobháideachais
"I trust Signal because it’s well built, but more importantly, because of how it’s built: open source, peer reviewed, and funded entirely by grants and donations. A refreshing model for how critical services should be built."
Jack Dorsey
CEO of Twitter and Square
"Is é Signal an uirlis chriptithe is inscálaithe atá ann. Déantar piarmheasúnú air, agus tá sé ar fáil saor in aisce. Molaim do dhaoine é a úsáid chuile lá."
Laura Poitras
Iriseoir agus scannánóir a bhfuil Oscar buaite aici
"Tá mé an-tógtha leis an aire a tugadh do chúrsaí slándála agus inúsáidteachta san aip seo. Is é Signal mo chéad rogha do chomhrá criptithe."
Bruce Schneier
Teicneolaí slándála a bhfuil cáil air ar fud an domhain
Gheobhaidh tú tuilleadh eolais thíos ar cén fáth a bhfuil Signal chomh simplí, chomh cumhachtach, agus chomh slán
Úsáidmid criptiú den chéad scoth ó cheann go ceann (á chumhachtú ag ár bprótacal oscailte féin) chun do chuid comhráite a choinneáil slán. Ní féidir linn do chuid teachtaireachtaí a léamh, ná éisteacht le do chuid glaonna, agus ní féidir le héinne eile ach oiread. Ní rogha é an príobháideachas — is é an bealach a n-oibríonn Signal. Gach teachtaireacht, gach glao, gach uair.
Is féidir téacsanna, glórtheachtaireachtaí, pictiúir, físeáin, GIFanna, agus comhaid a sheoladh saor in aisce. Úsáideann Signal an ceangal sonraí ar d'fhón chun táillí SMS agus MMS a sheachaint.
Cuir guthghlaonna agus físghlaonna gléghlana ar dhaoine trasna na sráide nó trasna na dtonnta gan táillí breise.
Cuireann greamáin chriptithe beocht i gcomhrá ar bith. Agus is féidir leatsa pacaí greamán nua a chruthú agus a chomhroinnt le cairde.
Is furasta duit fanacht i dteagmháil le do mhuintir, do chairde, agus do chomhoibrithe i gcomhráite grúpa.
Ní gheobhaidh tú fógraí, ná margórí cleamhnaithe, ná lorgaireacht chunórach in Signal, sa chaoi go mbeidh tú in ann buaicphointí do shaoil a roinnt leis na daoine is tábhachtaí.
Is eagraíocht neamhbhrabúis neamhspleách í Signal. Nílimid ceangailte le haon cheann de na mórchomhlachtaí teicneolaíochta, agus fiú ní féidir leo muid a cheannach. Is ó dheontais agus ó shíntiúis ó dhaoine cosúil leatsa a thagann ár gcuid tacaíochta.
Tabhair airgead do Signal